Club Leabhar Chois Fharraige
Bí ag léamh agus bí linn!
Club leabhar agus níos mó…
Maireann leabhar, cé nach maireann an lámh a scríobh.
AN CLUB
Is club leabhar Gaeilge muid atá suite i gCois Fharraige, Conamara. Go hiondúil casann muid le chéile ar an dara Céadaoin de gach mí i dTigh Mholly, Indreabhán. Chun a bheith cinnte faoin lá agus faoin am breathnaigh ar ár bpríomh leathanach.
Ní gá duit ach leabhar na míosa a léamh roimh bualadh isteach chugainn le haghaidh comhrá, comhluadair agus dí.
Freisin bíonn muid i dteagmháil le chéile ar na meáin shóisialta; facebook agus instagram.
TRÉIMHSE AN BHÍRIS CORÓNAIGH
Faoi láthair tá muid ag bogadh de réir a chéile ó chruinnithe ar líne amháin go cruinnithe i dtithe ósta sa gceantar dóibhsin atá in ann agus fós ar líne do na daoine eile.
FÉILE LEABHAR CHOIS FHARRAIGE
D’eagraigh CLCF féile leabhar i 2018 agus 2019. Bhí an dá deireadh seachtaine sin líonta le himeachtaí agus le litríocht; údair, filí agus ceol nua scríofa. Tá súil againn go mbeidh an féile ar ais i 2022.
AN COISTE
Cathaoirleach
Máire Ní Mháille
Lochán Beag
Rúnaí
Lucy Ní Mhuineog
An Spidéal
Cisteoir
Seán Ó hAodha
An Bóthar Buí
Leas-Cisteoir
Muireann Ní Chuív
Teach Mór
Reachtaire Gréasáin
Tonaí Ó Roduibh
An Chathair
Gnáth baill
Liam Ó Fátharta
Teach Mór
Lisa Uí Roduibh
Coill Rua