Design a site like this with WordPress.com
Tosaigh

Baile

Club Leabhar Chois Fharraige

Bí ag léamh agus bí linn!

Aibreán agus Bealtaine 2023

Phléigh Club Leabhar Chois Fharraige an leabhar <Blas Meala> le Simon Ó Cróinín ar an 12ú Aibreán i dTigh Mholly. Tá áthas ar Club Leabhar Chois Fharraige tacaíocht a thabhairt don imeacht nua in ómós <Lig Sinn i gCathú>. Bígí linn ar an Satharn 22ú!

Ansin thrathnóna an 12ú Bealtaine, agus muid sa Samhradh, beidh oíche den chéad scoth againn le cuairteoirí ó Ráth Chairn, Glas na Mí. Beidh Simon é féin ag labhairt linn faoina leabhar Blas Meala agus faoi a shaol mar bheachaire. In éindí leis beidh a mhac, an píobaire mór le rá, Éanna agus ceoltóirí eile as an nGaeltacht thoir.

Ar fáil ón siopa leabhar ar An Spidéal agus ón suíomh CIC dar ndóigh.

Márta 2023

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag tíocht le chéile ar an 15ú mí an Mhárta i dTigh Mholly, an Lochán Beag, le leabhar scríofa ag ceann dár gcairde a phlé; <‘Murdar’ ar an Lochán Beag; Eachtra i gCogadh na Saoirse> le Peadar Ó Máille. Beidh an staraí Cormac Ó Comhraí, <Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923>, ann mar aoi-chainteoir.

Tharla an dúnmharú sa teideal an 2 Feabhra 1920, achar siar ó theach ósta Tigh Mholly, agus sa leabhar nua seo cíorann Peadar an eachtra. Is scéal pearsanta é do Pheadar mar ba a athair ceann de na cúigear a bhí ainmnithe mar ionsaitheoirí ar an oíche sin. Níor labhair a athair leis faoi agus bhí air dianfhiosrú a dhéanamh chun an scéal a tharraingt chun solais.

Tá sé ar fáil ó Cló Iar-Chonnacht ar líne nó ina siopa ar An Spidéal (lascaine ar fáil dár mbaill).

Feabhra 2023

Phléigh Club Leabhar Chois Fharraige leabhar filíochta, <Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile> le Ailbhe Ní Ghearrabhuigh, Dé Céadaoin 8ú mí na bhFaoilleach ón a naoi i dTigh Mholly, an Lochán Beag.

Tá sé ar fáil ón suíomh Cló Iar-Chonnacht nó ina siopa ar An Spidéal (lascaine ar fáil dár mbaill) agus ar líne ón bhfoilsitheoir Éabhlóid.

Eanáir 2023

Tháinig Club Leabhar Chois Fharraige le chéile Dé Céadaoin 18ú Eanáir ón a naoi i dTigh Mholly agus trí leabhar inár lámha! Ar an oíche d’éirigh muid dhá leabhar a phlé, an ceann don mhí roimhe agus ceann desna cinn a bhí againn le léamh thar Nollaig.

<Seacht dTír, Seacht Teanga> le Diramuid Johnson (féach thíos) agus <An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht> le Michael Croinin. Is leabhar dhá-theangach é an leabhar suimiúil seo leis an gCróiníneach ach ní aistriúchain atá i gceist; ní mór duit an dá leagan a léamh.

Mí na Nollag 2022

Bhí orainn ár oíche le chéile ar an gCéadaoin 14ú mí na Nollag i dTigh Mholly a chur ar athló mar gheall ar an droch aimsir an oíche sin.

Scríofa ag an údar mór le rá Diarmuid Johnson is leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na hEorpa le ceathracha bliain anuas ó Inbhear Nis go Búcaireist agus ó Chonamara go Bharseabha.

Bhain Seacht dTír Seacht dTeanga áit ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin Oireachtas na Gaeilge 2022 amach. Tá sé ar fáil ó Leabhar Breac ar líne nó i siopa Cló Iar-Chonnacht ar An Spidéal (lascaine ar fáil dár mbaill).

Thug Eoin P. Ó Murchú léirmheas ar an leabhar i mí Iúil mar chuid dá sraith <Leabhar-mheas> ar YouTube, agus mhol sé go h-ard é.

Mí na Samhna 2022

Bhí an-oíche againn leis an údar, Darach Ó Scolaí, agus é ag cur síos ar an leabhar, ar fhorbairt a smaointe le linn na scríbhneoireachta agus ar na pearsana sa scéal. Dé Céadaoin 16ú ar a naoi i dTigh Mholly beidh deis againn an leabhar a phlé agus é léite againn anois. Tar isteach fiú muna bhfuil an leabhar seo léite agat go fóill.

Deireadh Fómhair 2022

Chas Club Leabhar Chois Fharraige ar a chéile Dé hAoine 7ú Dheireadh Fómhair ón a leathuair tar éis a hocht i dTigh Mholly, an Lochán Beag. Bhí Darach Ó Scolaí ann le labhairt faoina leabhar úr <Súil an Daill>, atá ar Ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2022, agus sliocht nó dhó a léamh as. Buíochas le Fóram Chois Fharraige as an maoiniú don imeacht seo. I ndiaidh Dharaigh bhí deis ag aoinne nach raibh cóip den leabhar acu cheana féin é a a fháil ó Leabhar Breac. Bhí an leabhar le léamh ag an gclub agus le plé againn ag ár gcéad cruinniú eile. Muna raibh tú riamh linn buail isteach chugainn agus beidh fáilte is fiche romhat! 📚☺️📚

Meán Fómhair 2022

Tháinig Club Leabhar Chois Fharraige le chéile ar an 12ú Mheán Fómhair ar a naoi i dTigh Mholly, leis an leabhar staire <An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag> le Áine Ní Chonghaile a phlé. Tá sé ar fáil ó Cló Iar-Chonnacht ar líne nó i siopa Cló Iar-Chonnacht ar An Spidéal. Bíonn fáilte is fiche roimh léitheoirí nua, fiú muna bhfuil leabhar na míosa léite acu ar fad! 📚☺️📚

6ú Bealtaine 2022

Bhí caint agus comhrá óna naoi leis an údar, Eoghan Mac Cormaic, faoina leabhar <Pluid> a scrúdaíonn Agóid Na Pluide sna Blocanna H agus i bPriosún Ard Mhacha 1976-81.

Ansin óna deich bhí seisiún ceoil le Johnny Óg Ó Conghaile, Seosamh Ó Neachtain, Ruairí Mac Con Iomaire agus cairde. Bhí sólaistí ar fáil agus dar ndóigh bhí Seosamh lán-sásta cúpla steip a dhéanamh dúinn i lár an urláir i dTigh Mholly!

Eanáir 2022

Chas Club Leabhar Chois Fharraige le chéile ar an 16ú Feabhra ar a hocht i dTigh Mholly, leis an leabhar gearrscéalta <Ré na bhFathach> le Colm Ó Ceallacháin a phlé. Tá sé ar fáil ó Leabhar Breac ar líne le lascaine breá nó i siopa Cló Iar-Chonnacht ar An Spidéal. An-mholadh faighte ag an leabhar céanna agus é ar an ngearrliosta do ghradam leabhar Gaeilge na bliana ag An Post. Bígí ag léamh agus bígí linn. 📚☺️📚https://leabharbreac.com/Teideal/re-na-bhfathach/

Mí Na Nollag 2021

Ba é <Rún An Bhonnáin> le Proinsias Mac a’ Bhaird a bhí roghnaithe againn do Mhí Na Nollag. D’fhoilsigh an t-úrscéal seo i 2010 agus tháinig an dara cló amach i 2019; tá sé ar fáil i siopa leabhar CIC ar an Spidéal agus díreach ón bhfoilsitheoir Comhar. Tháinig muid le chéile Dé Céadaoin 15ú ar a hocht i dTigh Mholly agus bhí an-chomhrá againn faoin leabhar bríomhar spleodrach seo.

Leabhar do Mhí Na Samhna 2021

Tháinig muid le chéile Dé Céadaoin 17ú i dTigh Mholly ag imeacht liteartha Fhéile Chois Fharraige ina raibh na leabhair <Madame Lazare> agus <Khalil> á phlé. Bhí oíche ana-dheas againn le Tadhg Mac Dhonnagáin, Máirín Nic an Iomaire agus Gormfhlaith Ní Thuairisg mar chathaoirleach. Ba é Khalil, atá aistrithe ag Máirín Nic an Iomaire ón bhFraincis, a bhí á léamh againn an mhí seo. Scríofa ag Mohammed Moulessehoul, ainm cleite Yasmina Khadra, is úrscéal faoi antoisceach Moslamach agus é ag iarraidh bheith ina bhuamadóir féinmharaithe sa bhFrainc i 2015, bliain an ionsaithe ar an mBataclan. Tá sé ar fáil i siopa Cló Iar-Chonnachta ar an Spidéal agus ar líne le Barzaz.

@ 20ú Deireadh Fómhair 2021

Tá muid ag bualadh le chéile ar a hocht a chlog sa teach ósta An Crúiscín Lán ar An Spidéal Dé Céadaoin 20ú @ 20:00 chun an úrscéal <Madame Lazare> a phlé. Is é seo an chéad úrscéal scríofa ag an údar aitheanta Tadhg Mac Dhonnagáin agus tá sé ag ngearrliosta don Ghradam Uí Shúilleabháin 2021.

Achoimre Leabhair:
Ó bhí sí ina cailín óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa agus í ina cailín óg.  Is í an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil, sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go hiarthar na hÉireann, druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.

@ 15ú Meán Fómhair 2021

Tá muid ag casadh le chéile ar a hocht a chlog sa gCrúiscín Lán ar An Spidéal Dé Céadaoin 15ú @ 20:00 chun an leabhar filíochta <Ag Caint Le Synge> le Dara Ó Conaola a phlé.

Dánta agus amhráin nua-chumtha ó pheann an fhile Dara Ó Conaola, ar fáil sa leabhar seo agus ar an dlúthdhiosca atá ar fáil leis. Foilsithe ag Oileán Press, tá an leabhar maisithe go hálainn le grianghraif agus tá líníochtaí fíorálainn le Snail Lemley de na haghaidheanna agus na háiteanna a spreagann na dánta agus na hamhráin aoibhne seo. Tagraíonn an teideal ‘Ag Caint le Synge’ don drámadóir cáiliúil, JM Synge, a bhfuil a shaothar liteartha dlúthbhainte leis na hOileáin Árann. Is éard atá ar an DD ná léamha agus amhránaíocht, le roinnt léirithe iontacha le teaghlach an údair.

Tabhair dúinn do sheoladh r-phoist chun eolas a fháil uainn.